Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Íseáia 5:4 - An Bíobla Naofa 1981

Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Créd dob fhéidir do dhéanamh ní as mó rem fhíneamhuin, ná mar do rinne mé an? air a nadhbhar sin, a nuáir do shaóil mé go ttiubhradh sí cáora, cred fa ttug sí cáora fíadháin uáithe?

Féach an chaibidil



Íseáia 5:4
15 Tagairtí Cros  

Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.


Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;


Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?


Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.


Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas.


Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.


Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.


Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.


Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.


“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!