Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 24:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do bhádar fígeadha maithe a cclíabh dhíobh, eadhon cosmhuil rís na fígibh bhíos abuidh ar tús: agus an clíabh oile iona rabhadar figeadha ro olca, nach ar bhféidir dithe, air a nolcus.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 24:2
11 Tagairtí Cros  

Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?


Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n‑olcas.


Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.


Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.


Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí atá ag tabhairt fígí luatha uathu; má chroitear iad titfidh na torthaí isteach i mbéal an alpaire.


Céadfhómhar a n‑ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.


“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí