Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 On ló fá ttangadar bhur naithre amach as crich na Hégipte gus a niugh do chuir me mo sheirbhísigh uile chugaibh na fáighe, ag éirghe go moch go laétheamhuil agus dá ccur uáim:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:25
30 Tagairtí Cros  

Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad.


An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.


Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu.


Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?


Mar an lá a thug mé bhur n‑aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.


“Le trí bliana agus fiche, ón treas bliain déag de réimeas Ióisíá mac Ámón, rí Iúdá, go dtí inniu, tháinig briathar an Tiarna chugamsa agus labhair mé libhse gan scor (ach níor éist sibh.


Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird).


de bhrí nár éist siad le mo bhriathra - an Tiarna a labhraíonn - bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht - an Tiarna a labhraíonn.”


Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d'ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d'ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.


Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.


Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa.


Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,


“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.


Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar.


Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte, ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.


Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir agus Naizírigh as bhur macra. Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael? a deir an Tiarna.


Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: ‘Conas a fhillfimid?’


Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’


“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí