gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
Íseáia 3:13 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais, tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Seasuidh an TIGHEARNA súas do thagra, agus seasuidh do bhreathnughadh an phobail. |
gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis; cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t‑éagráifeach gach lá thú.
Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.
Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.
seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.
Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.
Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna: Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte; cloiseadh na cnoic do ghuth.
Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael.