Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
Íseáia 24:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol, agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní iobhfuid síad fíon le céol; biáidh an deoch láidír searbh ag an ndroing iobhas í. |
Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!
Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.
Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, - is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn - beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra.