Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Coisgidh súgradh na ttiompán, críochnuighidh fuáim na druinge gháirdigheas, scúiridh gáirdeachus na cláirsigh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:8
16 Tagairtí Cros  

Bíodh an oíche úd gruama, Nár thaga gáir áthais ina gaire!


Tá mo chruit i dtiúin don olagón, Agus m'fheadóg do ghlór lucht an chaointe.


Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna.


tá an t‑áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.


Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.


Sea, leathfaidh Seól a chraos, osclóidh sé a bhéal as miosúr, agus síos ann leis an gcólp ghalánta, agus iad ag liúireach le lúcháir!


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.


“Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn.


Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”


Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó agus tá an t‑aos óg tar éis éirí as an gceol.


Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.


bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.


Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.


Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht; agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.


Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí