Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol, agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ní iobhfuid síad fíon le céol; biáidh an deoch láidír searbh ag an ndroing iobhas í.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:9
11 Tagairtí Cros  

Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.


Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.


Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!


Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!


Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.


Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.


Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, - is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn - beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.


Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí