Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 5:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 A mhairg don mhuinntir bhíos acfuinneach ar ól fíona, agus do na daóinibh neartmhara air dith láidir do chumasg:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:22
14 Tagairtí Cros  

Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.


Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.


Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.


Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan? cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán? agus buillí ó gach taobh? agus scamall sa tsúil?


Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.


Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh, agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.


Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”


Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol, agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.


Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.


Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu ó mhaidin moch ar an bpóit, agus a shuíonn déanach san oíche ag súmaireacht fíona.


“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”


Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí