Íseáia 21:11 - An Bíobla Naofa 1981 Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: “A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Ualach Dumah. Goiridh sé orum as Seir, A fhir na faire, cred do sgéula ó noidhche? A fhir na faire, cred do sgeula ó nóidhche? |
Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,
á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,
Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”
Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.
Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom: “Gabh agus cuir fear i mbun faire, fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.
Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.
Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn;
“A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,
Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.
Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.