Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.
Íseáia 13:12 - An Bíobla Naofa 1981 Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir, níos teirce ná ór Óifír. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do dhéana mé duine ní sa mhórluáighe ná ór bruinte; eadhon duine ná sparra órdha Ophir. |
Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.
Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.
Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí; seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.
Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: “Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad, “agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d'ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.”
Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,