“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfar amach as a n‑uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim.
Ann sa namsin, a deir an TIGHEARNA, do bhéuruid síad amach as a nuaighibh, cnámha ríghthe Iúdah, agus cnámha a bprionnsadh, agus cnámha na sagart, agus cnamha na bhfáigheadh, agus cnámha áitreabhthach Ierusalem:
Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”
Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.
“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,