Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 44:12 - An Bíobla Naofa 1981

Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus glacfa mé fuighioll Iúdah, do chur a naighthe do dhul go crích na Hégipte ar cuáirt annsin, agus scriosfuighior uile íad, agus tuitfid a ccrích na Hégipte; eadhon muirfighear íad leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: éugfuid síad, ó bheag go mór, leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: agus béid na mallughadh, agus na núathbhás, agus na mallachd, agus na scannail.

Féach an chaibidil



Irimia 44:12
18 Tagairtí Cros  

Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad.


déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”


Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,


Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.


Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,


Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n‑éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.”]


Tá sé ag teacht chun tír na hÉigipte a bhualadh: An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh!


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.


Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.


Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.”


Tar éis dó é a chur d'iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.