Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Annsin do dhéana misi an tighse cosmhuil ré Síloh, agus do dhéana mé an chathairsi na mallughadh do uile chineadhachuibh na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:6
20 Tagairtí Cros  

Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.


Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad.


(Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);


Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,


Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.


Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”


Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”


Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.


Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí