Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 40:9 - An Bíobla Naofa 1981

Mhionnaigh Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dóibh sin agus dá muintir: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar sé, “géilleadh do na Caildéigh; ach cónaígí sa tír agus umhlaígí do rí na Bablóine, agus rachaidh sé go maith daoibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do mhionnuigh Gedaliah mhac Ahicam mhic Saphan doibh féin agus dá muinntír, ghá rádh, Na bíodh eagla oruibh foghnamh do na Caldéanachaibh: déanuidh comhnuighe annsa ttír, agus déanaidh seirbhís do rígh na Babilóine, agus rachaidh sé go maith dhíbh.

Féach an chaibidil



Irimia 40:9
9 Tagairtí Cros  

tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.


Thug Gadailiá mionn dóibhsean agus dá gcuid fear á rá: “Ná bíodh eagla oraibh roimh na Caildéigh; cuirigí fúibh sa tír, agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine; agus rithfidh libh go seoidh.”


Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”


Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.


Is i mbaol ár n‑anama a fhaighimid soláthar bia mar gheall ar shladaithe an fhásaigh.