Agus d'fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?
Irimia 4:10 - An Bíobla Naofa 1981 [Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia, nach mór a mheall tú sinn á rá: ‘Beidh síocháin agaibh’, ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin a dubhairt misi, Ah, a Thighearna DIA! go deimhin do mheall tú go mór na daóinesi agus Ierusalem, gha rádh, Do gheabhthaoi síothcháin; an tionad a roichionn an clóidheamh go nuige an tanam. |
Agus d'fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?
mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.
Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”
Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite, agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó? Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d'oidhreachta.
Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”
leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”
‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.
Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada; ní thiocfaidh aon olc chugainn, claíomh ná gorta ní fheicfimid.
Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’, ach níl aon síocháin ann.
Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail á rá: ‘Síocháin! Siocháin!’ agus níl aon síocháin ann.
Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.
Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”
Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin.
Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha;
Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;