Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 An lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn - clisfidh croí an rí agus croí na bprionsaí mar an gcéanna; beidh uafás ar na sagairt, beidh mearbhall ar na fáithe.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus tiucfa a ccrích annsa lósin, a deir an TIGHEARNA, go múchfuidhear croidhe an rígh, agus croidhe na bprionnsadh; agus béid na sagairt anbhuáineach, agus budh iongnadh leis na faighidh

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 4:9
20 Tagairtí Cros  

rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d'éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá.


Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.


Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.


Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta.


gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.


Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe,


Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.


Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’


Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá.


‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agamsa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n‑inseofaí daoibh é.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí