Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.
Irimia 16:3 - An Bíobla Naofa 1981 Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na mac, agus a ttáobh na ninghean béarthar annsa náitsi, agus a ttáobh a maithreach noch do rug íad, agus a ttáobh a naithreach do ghein íad ann sa duthaighsi; |
Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.
Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo - an Tiarna a labhraíonn - mo shíocháin agus mo thruamhéil.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.
Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.