Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 16:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ní thiúbhra tú bean chugad, ní mó bhiáid mic nó ingheana agad san náitsi.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 16:2
9 Tagairtí Cros  

Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:


tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.


Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.


Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!


Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:


Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí