Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 16:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na mac, agus a ttáobh na ninghean béarthar annsa náitsi, agus a ttáobh a maithreach noch do rug íad, agus a ttáobh a naithreach do ghein íad ann sa duthaighsi;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 16:3
6 Tagairtí Cros  

Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.


“Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo.


Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo - an Tiarna a labhraíonn - mo shíocháin agus mo thruamhéil.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.


Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”


‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí