Irimia 15:8 - An Bíobla Naofa 19818 Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Atáid a mbaintreabhthacha ar na bhfoirlíonadh dhamh ós cionn ghainimh na fairge: thug mé millteóir orra a naghaidh mhathar na nogánach, san meadhón laói: thug mé air tuitim go hobann uirre, agus critheaglacha ar na ccathruigh. Féach an chaibidil |