Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 15:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú... Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde - an Tiarna a labhraíonn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Anbhfainnigh an bhean rug móirsheisior: do fhaóidh a spiorad aiste; do chuáidh a grían faói agus an lá ann fós: fuáir sí náire agus do claóidheadh í: agus seachoduigh mé an chuid oile dhíobh don chloidheamh a bhfíaghnuise a námhad, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 15:9
14 Tagairtí Cros  

Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d'aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta.


Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’


Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.


Ach tá náire shaolta ar bhur máthair, tá míchlú ar an mbean a rug sibh; tá sí ar an náisiún is lú anois; ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh.


“Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm! Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,” “rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn, tá néalta nóna ag síneadh.”


An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?


Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.


Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.


Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.


“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.


Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí