Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
Irimia 16:2 - An Bíobla Naofa 1981 “Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní thiúbhra tú bean chugad, ní mó bhiáid mic nó ingheana agad san náitsi. |
Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:
tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.
Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.
Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!
Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:
Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’