Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 29:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Tugaidh mná, agus geinidh mic agus ingheana; agus tugaidh mná da bhur macaibh, agus tugaidh bhur ningheana dfearuibh, chor go mbeirid mic agus ingheana; chor go síolfuidhe annsin, agus nach laighdeochthaói.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 29:6
16 Tagairtí Cros  

I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.


Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.”


Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: “A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.”


“Is fearr dom í a thabhairt duitse ná do dhuine deoranta,” arsa Lábán. “Fan faram.”


Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.”


Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.”


Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”


B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.


Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.


D'fhill sé ar ais ansin agus d'inis é sin dá athair agus dá mháthair. “Chonaic mé,” ar sé, “ceann d'iníonacha na bhFilistíneach i dTimneá. Faighigí dom í le bheith mar bhean agam.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí