Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 29:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath,”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus íarruidh síothcháin na caithreach chum a ttug misi fa deara bhur mbreith a láimh, agus guidhigh chum an TIGHEARNA ar a son: óir iona síothcháinsion do gheabhtháoisi síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 29:7
12 Tagairtí Cros  

i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac.


Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.


Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit.


Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”


Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’


Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad.


Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí