Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.
Iósua 9:20 - An Bíobla Naofa 1981 Mar seo a dhéanfaimid: anacal anama a dhéanamh orthu le heagla go ndéanfaí é a agairt orainn le fearg de bharr na mionn a thugamar dóibh.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do dhéanam marso ríu; eadhon léigfeam dhóibh bheith béo, deagla dioghaltais do theachd oruinn, do bhrígh na mionn thugamar dhóibh. |
Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.
Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,” agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin
Ach dúirt na ceannairí leis an gcomhthionól go léir: “Thugamar mionn dóibh dar an Tiarna Dia Iosrael agus ní féidir dúinn baint leo anois.
Agus lean na ceannairí orthu: “Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.” Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.