Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Agus lean na ceannairí orthu: “Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.” Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a dubhradar na prionnsuidhe ríu, Léigfidh dhóibh marthuinn; ach bidís na mbuainteoruibh connuigh agus na ttairrngeoruibh uisge don chomhchruinniughadh uile; mar do ghealladar na prionnsuidhe dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:21
9 Tagairtí Cros  

Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe! Sea, tagann siad, líon a slua, ag tabhairt fúithi le tuanna, ar nós buanaithe connaidh,


Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia - taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,


bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa - idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce -


Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.


Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.


Mar seo a dhéanfaimid: anacal anama a dhéanamh orthu le heagla go ndéanfaí é a agairt orainn le fearg de bharr na mionn a thugamar dóibh.”


Tá mallacht oraibh anois dá bhrí sin agus beidh cuid agaibh in bhur sclábhaithe, in bhur ngiollaí brosna agus uisce i dteach mo Dhé go deo.”


Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí