Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
Iósua 9:2 - An Bíobla Naofa 1981 rinneadar comhaontú le chéile chun troda in aghaidh Iósua agus chlann Iosrael. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gur chruinnigheadar íad féin uile a gcionn a chéile, do throid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil amháin. |
Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé; an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.
“Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf,
Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.
Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.
spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.