Iósua 9:16 - An Bíobla Naofa 1981 Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla a ccionn thrí lá tair éis osaigh do dhéanadh ríu, go ccuáladar gur bhíad sin a ccomharsanna, agus gur aithreabhadar eatorra. |
Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.
Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.
Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d'fhiafraigh sé díobh: “Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh?
“Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;