Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:15 - An Bíobla Naofa 1981

Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do léig Iosua agus Israel orra féin mar do bheidís búailte rompa, agus do theitheadar a slighe an nfásaigh.

Féach an chaibidil



Iósua 8:15
6 Tagairtí Cros  

San fhásach: Béit Arabá, Midín, Sacácá,


An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,


Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.


Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.


Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu. Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá.


Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t‑arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil.