Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”
¶ Achd a dúbhairt Iosua ris an ndís fear do chuáidh do bhrath na tíre, Eirgidhe go tigh na méirdrigh, agus tugaidh amach as sin an bhean, agus a nuile ní dá bhfuil aice, mar do mhionnuigheabhair dhi.
Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.
an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.
Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.
Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d'fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael.
Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d'imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht.