Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 6:10 - An Bíobla Naofa 1981

Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do aithin Iosua don phobal, dá rádh, Na déanuidh gáir, ná torann ar bith lé bhur nguth, agus ná tigeadh éanfhocal as bhur mbéul, nó go ttí an lá a naibéoramisi ribhgáireadh; an sin gáirfidhe.

Féach an chaibidil



Iósua 6:10
8 Tagairtí Cros  

Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.


Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.


Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir, ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna.


Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”


Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.


Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.


Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.