Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Acht dubhairt seisean leo: Ní fá bhur gcoinne-se atá sé eolas a bheith agaibh ar na h-amanna ná ar na tráthanna a chuir an t-Athair ina chumhacht féin:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Achd a dubhairt seisean riú, Ní bhéanann ribhsi na haimsearacha náid na seasuir daithne, noch do chuir an Tathair ann a chúmhachduibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ach dubhairt sé leó: Ní h-agaibhse atá fios d’fhághail ar na h-aimsiribh ’ná ar na tráthanaibh a chimeád an t-Athair fé n-a chómhacht féin.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 1:7
13 Tagairtí Cros  

Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?


Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”


“Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.


ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.”


“Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair.


titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.


Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,


nuair a bheadh an t‑ionú tagtha - mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.


“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.


Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin: An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí, atá ina rí ar na ríthe agus ina thiarna ar na tiarnaí;


Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí