Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 3:17 - An Bíobla Naofa 1981

Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.

Féach an chaibidil



Iósua 3:17
14 Tagairtí Cros  

Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.


Rinne sé talamh tirim den mhuir ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn; déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.


Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,


agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.


“Abair le clann Iosrael: ‘Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán,


Trí chreideamh chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad.


Nuair a bhí an pobal go léir gafa thar Iordáin anonn, dúirt an Tiarna le Iósua:


Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir


agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.


mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,


agus tabhair an t‑ordú seo dóibh: ‘Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.’ ”


Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.