Iósua 24:2 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile: “Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Bhí cónaí ar bhur n‑aithreacha taobh thall den Abhainn anallód - Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór - agus rinneadar fónamh do dhéithe eile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do áitreabhadar bhur naithreacha don taóibh oile don tuile annsa tseanaimsir, eadhon Terah, athair Abraham, agus athair Nachor: agus do adhradar dée oile. |
Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.
Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”
Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.
Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,
Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.
Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.
Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”