Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 16:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA re Hierusalem; Is do thír Chanaan do bhreith agus do dhúthchus; do budh Amoríteach hathair, agus Hitíteach do mhathair.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 16:3
24 Tagairtí Cros  

Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.


Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b'ainm do bhean Abrám agus Milceá a b'ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá.


Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”


D'iompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.


“Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,


Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -


A Thiarna, is tú an Dia A thogh Abrám, A thug as Úr na gCaildéach amach é, Agus a thug Abrahám mar ainm air.


Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!


Rinne do chéad sinsear peaca, agus do theangacha labhartha, d'éirigh siad amach i mo choinne.


“A mhic an duine, cuir in iúl a himeachtaí gránna do Iarúsailéim.


Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d'imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú.


Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d'athair.


Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,


Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.


Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.


ach cuir faoi bhang iad na Hitigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh, mar a d'ordaigh an Tiarna do Dhia,


“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,


laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,


“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.


Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí