Eizicéil 16:4 - An Bíobla Naofa 19814 Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d'imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Agus ar son do dhúthchuis, annsa ló a rugadh thú níor gearradh himleacán, ní mó do nigheadh thú a nuisge dot mháothughadh; níor sailleadh thú ar aónchor, ní mó do ceangladh thú ar aónchor. Féach an chaibidil |
Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.