Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 24:17 - An Bíobla Naofa 1981

Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír sé ar TIGHEARNA Día thug súas sinn, agus ar naithre as crích na Hégipte, ó thigh na daóirsi, agus noch do rinne na comharthuidhe móra sin ann gach uile shlighe a ndeachamar, agus a measc gach uile phobal tré ar ghabhamar:

Féach an chaibidil



Iósua 24:17
14 Tagairtí Cros  

Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.


Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;


Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.


‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.


Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”


Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile,


Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air.


na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu.


Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: “Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile!


Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”