Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.
Iósua 24:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir mé an ceárnabhan romhuibh, noch do thiomáin, amach romhuibh íad, dhá rígh na Namoríteach; gidheadh ní led chloidheamhsa, nó led bhogha. |
Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.
Seolfaidh mé cearnabháin romhat a thiomáinfidh an Hiveach agus an Canánach agus an Hiteach amach ó do láthair.
Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.
Tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna orthu a thug sé ar Shíochon agus ar Óg, ríthe na nAmórach, agus ar a gcríocha nuair a scrios sé iad.
agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,
agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán - dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin,
Mar bharr air sin seolfaidh an Tiarna cearnabháin ina measc chun an dream a fhanann i bhfolach uait a scrios.
Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang.