Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chruinnigh Iosua treabha Israel uile go Sechem, agus do ghoir ar shinnsioruibh Israel, agus ar a gceannuibh, agus ar a mbreitheamhnuibh, agus ar a noitigeachaibh; agus do thaisbéanadar íad féin a lathair Dé.

Féach an chaibidil



Iósua 24:1
13 Tagairtí Cros  

ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd.


Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.


A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d'fhill sé ón Éigipt.


Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.


Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”


“Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh.


Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.


chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.


Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.


Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”