Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 23:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do chuir an rígh fios amach, agus do chruinnigheadár chuige sinnsir Iudah uile agus Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 23:1
8 Tagairtí Cros  

Thionóil Dáiví sluaite tofa Iosrael go léir, tríocha míle fear.


Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.


D'éirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna.


Bhí sé beartaithe ag an rí agus ag a thaoisigh agus ag an gcomhthionól go léir in Iarúsailéim an Cháisc a cheiliúradh sa dara mí,


Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim.


“Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d'fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh.


Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí