Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 23:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do ghoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiribh, agus ar a cceannuibh, agus ar a mbreitheamhnuibh, agus ar a noifigeachuibh, agus do ráidh sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíadhnuibh:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 23:2
11 Tagairtí Cros  

Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh.


Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.


Chruinnigh sé taoisigh Iosrael go léir le chéile, agus na sagairt agus na Léivítigh.


bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar;


Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.


“Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d'fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh.


Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.


Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son.


Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.


As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí