Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 23:6 - An Bíobla Naofa 1981

Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Bíthise ar a nadhbharsin ro chúrata do choimhéad agus do dhéanamh a nuile ní atá scríobhtha a leabhar dhlighe Mhaoise, go nach bhfillfidhe a leaththaoibh uadh sin don láimh dheis no don láimh chlé.

Féach an chaibidil



Iósua 23:6
14 Tagairtí Cros  

Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh,


Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.


Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé.


Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.


Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.


gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh.


“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.


Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”