Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 23:4 - An Bíobla Naofa 1981

Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Féachuidh, do roinn me oruibh le crannchar na cineadhachasa mhairios, dá mbeith mar oighreachd ag bhur ttreabhuibh, ó Iordan, maille ris na huile chmeadhachaibh dar gheárr mé amach, go nuige an nfairge mhóir don táoibh shíar.

Féach an chaibidil



Iósua 23:4
9 Tagairtí Cros  

á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit, chun bheith mar oidhreacht agat féin.”


Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.


Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.


“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.


“Nuair a dheanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n‑áit,


Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;


Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.


ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d'fhág Iósua sa tír nuair a d'éag sé a dhíbirt rompu.”