Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.
Iósua 2:24 - An Bíobla Naofa 1981 Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar re Iosua, Go deimhin thug an TIGHEARNA an tir uile ionar lámhuibh; óir atáid duthchusuidh na tíre uile ag dul a nanbhfainne re eagla romhuinn. |
Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.
Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.
Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus d'insíodar dó gach ar tharla dóibh.
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.
Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.
Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.
D'fhreagair an Tiarna: “Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.”
Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”
I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.