Iósua 16:2 - An Bíobla Naofa 1981 chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus theíd amach ó Bhetel go Lus, agus theíd ar fad go teórannuibh Archi go Hatarot, |
Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.
D'fhill Húisí, cara Dháiví, ar ais chun na cathrach díreach agus Aibseálóm ag teacht isteach in Iarúsailéim.
Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!”
Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.
Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.