Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus tárla, a nuáir tháinic Chusai an Tarchiteach, cara Dháibhi, chum Absoloin, go ndubhairt Chusai re Absolon, Go mairigh an rígh, Go mairigh an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:16
13 Tagairtí Cros  

Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.


ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: ‘Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d'athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,’ beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom.


D'fhill Húisí, cara Dháiví, ar ais chun na cathrach díreach agus Aibseálóm ag teacht isteach in Iarúsailéim.


Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’


Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’


Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;


Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”


agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”


Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí