Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 15:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 ¶ Agus tárla, a núair tháinic Dáibhi go mullach an tsléibhe, mar a ndéarna se adhra do Dhía, féach, tháinic Chúsai an Tarchíteach na choinne re na chóta briste, agus cré ar a cheann:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:32
20 Tagairtí Cros  

Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.


Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d'imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.


Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.


Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona.


Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta.


Ansin dúirt Aibseálóm: “Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.”


Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.


Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót.


Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí.


Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.


Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:


chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót.


Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí