Sin iad clann mhac Ísmeáél agus a n‑ainmneacha de réir a mbailte agus a láithreacha lonnaithe: dáréag taoiseach ar a gcomhlíon treibheanna.
Iósua 15:45 - An Bíobla Naofa 1981 Eacrón lena bhailte agus a shráidbhailte. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ecron, gun a bhailtibh, agus a ghráganuibh: |
Sin iad clann mhac Ísmeáél agus a n‑ainmneacha de réir a mbailte agus a láithreacha lonnaithe: dáréag taoiseach ar a gcomhlíon treibheanna.
díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia.
Is ea, tréigfear Gazá, agus beidh Aiscileon ina díthreabh. Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghil agus bainfear Eacrón as a fréamhacha.
Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím
shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.
Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”
Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;