Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá.
Iósua 15:35 - An Bíobla Naofa 1981 Zánóa, Éan Gainím, Tapua, Éanám, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Iarmut, agus Adullam, Socoh, agus Asecah, |
Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá.
Rug a bhean Iúdách Ieirid athair Ghador, Heibir athair Shócó, agus Iacúitíéil athair Zánóa. Sin iad clann mhac Bhitiá, iníon Fhorainn a phós Meirid.
Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh, a áitritheoirí Mháraeiseá. Scriosfar Adulám go deo ar nós ghlóir Iosrael.
Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón.
Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Iarmút, Adullám, Sócó, Azaecá, Seáraí, Aidíteaím, Gadaerá, Gadaerotáím; ceithre chathair déag lena mbailte.
Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.
D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.