Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 17:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois do chruinnigheadar na Philistinigh a slúagh a cceann a chéile chum catha, agus do cruinnigheadar íad féin a bhfochair a chéile a Sócoh, noch is le Iudah agus do champuigheadar eidír Shócoh agus Hasécah, an Ephes‐dammim.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 17:1
11 Tagairtí Cros  

Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán d'eorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh.


agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám


Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.


nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.


Zánóa, Éan Gainím, Tapua, Éanám,


cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.


Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.


Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d'fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.


Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.


Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí